Dúshlán Grianghraf Comóradh 175ú Bliain Clárú na mac léinn
Ar an 30ú Deireadh Fómhair táimid ag ceiliúradh 175 bliain ó chláraigh an chéad chohórt de 68 mac léinn i gColáiste na Banríona, Gaillimh, mar a tugadh air ag an am. Le ceiliúradh a dhéanamh ar stair agus fás ár n-ollscoil, táimid ag seoladh comórtas grianghraf.
Tá trí rogha grianghraf ann:
1. Athchruthaigh: Breathnaigh ar rogha d’íomhánna cartlainne na hOllscoile agus athchruthaigh grianghraf le staidiúir don cheamara. Níl gá a bheith cruinn le feisteas seanré ach tá fáilte roimhe!!
3. Cuairt: Tabhair cuairt ar thaispeántas reatha na Leabharlainne “An Leabharlann i 100 réad” i bhforhalla Fhoirgneamh Uí Argadáin. Glac féinín leis an gcartlann nó íomhá is fearr leat ó stair ár Leabharlann.
Postáil do ghrianghraif ar Instagram agus clibeáil @UniofGalwayLib. Roinnfimid na grianghraif is fearr linn! Tá húdaí Ollscoil na Gaillimhe le mbuachan do na grianghraif a fhaigheann ‘na togha’ is mó i ngach catagóir.
*Tá íomhánna priontáilte ar fáil ó dheasc na Maor sa Leabharlann don dúshlán spotáil (2.) Buail isteach más mian leat ceann a fháil!
Photo compliments of Chetham's Library, Manchester
Photo compliments of Chetham's Library, Manchester
Photo compliments of Chetham's Library, Manchester
Photo compliments of Chetham's Library, Manchester
Comments