Digitiú chartlann Chonradh na Gaeilge
Feabhra 2023, Maeve O' Neill
Fostaíodh in Ollscoil na Gaillimhe mé i mí Iúil 2022 chun codanna de chartlann Chonradh na Gaeilge a dhigitiú. D'oibrigh mé roimhe seo i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), áit a raibh mé i mo ghrianghrafadóir digiteach don Bhailiúchán ‘Towards a Republic’.
Bíonn raon trealaimh á úsáid agam i nGaillimh chun an bailiúchán a dhigitiú. Déanann an tionscadal digiteach príomhcháipéisí ó fheachtais Chonradh na Gaeilge ó na 1960idí i leith a dhigitiú. I measc théamaí an bhailiúcháin tá seirbhísí teilifíse agus raidió Gaeilge, stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an AE, an Ghaeilge sa chóras oideachais, reachtaíocht teanga, Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, rialachas áitiúil don Ghaeltacht mar aon le cainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Ach leagan digiteach den chartlann a bheith ar fáil don phobal níos leithne, cuirfear go mór lenár dtuiscint ar an bpróiseas trínar cuireadh stát na hÉireann ar bun, agus ar úsáid leanúnach na Gaeilge i rith an fhichiú haois.
Bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan. Bhí an chuma ar an nGaeilge an uair sin gur ar an dé deiridh a bhí sí, agus gan ach tuairim is 3% de dhaonra na tíre á labhairt ag an am. Cuimsítear leis an mbailiúchán seo ábhar ó bhliain a bhunaithe in 1893 síos go dtí 2018, nuair a bronnadh an bailiúchán ar Ollscoil na Gaillimhe. Cartlann ríspéisiúil is ea cartlann an Chonartha, agus díol spéise ar leith is ea a éifeachtaí is a bhí feachtais áitiúla agus gníomhaíochas an phobail chun an tír a athrú chun feabhais. Ábhar suntais chomh maith is ea an chaoi ar oibrigh grúpaí gníomhaithe éagsúla le chéile chun, mar shampla, nuachtáin agus scoileanna neamhspleácha a bhunú – uaireanta in ainneoin an rialtas a bheith go mór ina n-aghaidh.
Seo mar a labhair an cartlannaí, Niamh Ní Charra, maidir leis sin:
‘Ón uair a bunaíodh é, chuir Conradh na Gaeilge chuige úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngach gné de ghnáthimeachtaí an tsaoil, agus faireachán a dhéanamh ar an úsáid sin. Tugann an cnuasach seo léargas faoi leith, mar sin, ar ghnéithe teangeolaíocha, cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla den saol in Éirinn san am a caitheadh. [...] Bhí ról ríthábhachtach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den fhichiú haois sna feachtais phobail a raibh sé de thoradh orthu gur bunaíodh stáisiúin raidió agus teilifíse Gaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge amach stádas mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. Áirítear le hábhar feachtais an bhailiúcháin chomh maith cáipéisí a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe le linn thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981].’
Sonraíochtaí Teicniúla
Déantar formhór an ábhair a dhigitiú le bogearraí Irfan ar Scanóir Grianghraf Plustek OpticBook A300 Plus. Bhí an scanóir leabhar BookEye 5 ar fáil do na foilseacháin is sine agus is íogaire. Maidir leis an ábhar grianghrafadóireachta agus ábhar i bhformáid mhór, úsáidtear Córas Seastán Cóipeála Modúlach Saorsheasaimh ICAM Guardian le soilsiú stiúideo agus Córas Ceamara 150MP PhaseOne XF 150MP, lionsaí Mamiya, agus bogearraí Capture One Pro. Déantar gach gléas gabhála íomhá a shocrú do 600dpi agus sábháiltear gach íomhá mar chomhad daite TIFF 24-giotán. Athraíonn méideanna comhad de réir mhéid an ábhair atá i gceist, ach isteach is amach le 70MB a bhíonn i gceist go hiondúil. Rinneadh breis agus 44,000 íomhá a dhigitiú go dtí seo. Tá beagnach ocht mí den deich mí, nó mar sin, a leagadh amach don tionscadal caite anois agus tá 80% den digitiú a bhí le déanamh ar an sciar seo den chartlann déanta.
Is é an t-ábhar is íogaire atá le digitiú leabhráin an Oireachtais, agus na hArd-Fheise, ó dheireadh an naóú céad déag suas go dtí na 1910idí, nuair a chuaigh na leabhair i dtéagar. Ní mór na cáipéisí níos sine sin a láimhseáil go cúramach, agus rinneadh iad a dhigitiú go mall chun cobhsaíocht na ndromanna a chaomhnú agus chun nach stróicfear na bileoga. Bhí líon mór stáplaí miotail meirgeacha le baint as go cúramach sula bhféadfaí na leathanaigh a leagan ar dhromchla an scanóra nó ar an seastán cóipe.
Ábhar
Is iad na hábhair a roghnaíodh le haghaidh a ndigitithe foilseacháin an Oireachtais agus na hArd-Fheise, chomh maith le míreanna ó shraitheanna ar na Meáin Chumarsáide, Tuaisceart Éireann, Feachtais, Oideachas, Comhaltas Uladh, Páirtithe Polaitiúla agus Eagraíochtaí Teanga. Is iomaí rialtais a tháinig i gcumhacht sa tréimhse atá i gceist, agus tá digitiú déanta ar go leor den chomhfhreagras a bhí ag Conradh na Gaeilge le hoifigigh rialtais. I measc na hábhair a bhíonn sa chuid is mó de na sraitheanna tá tuarascálacha inmheánacha, preasráitis, comhfhreagras, miontuairiscí, gearrthóga nuachtáin, bróisiúir agus nótaí neamhfhoirmiúla, i nGaeilge agus i mBéarla. Tá raon ábhar ann freisin ó thíortha eile ina bhfuil mionteangacha nó teangacha faoi chois, agus san áireamh leis sin tá Gaeilge na hAlban, Breatnais agus Liombuirgis.
Is féidir leo siúd ar spéis leo é rochtain a fháil ar an mbailiúchán fisiciúil i Seomra Léitheoireachta na mBailiúchán Speisialta ach iarratas a dhéanamh roimh ré, agus beidh fáil ar an ábhar digitithe ar líne amach anseo.
Foireann an Tionscadail Dhigitigh
Digitiú: Maeve O Neill
Cartlannaithe digiteacha: Catriona Cannon agus Aisling Keane
Cartlannaí: Niamh Ní Charra
Bainisteoir Tionscadail: Cillian Joy
Urra an Tionscadail: John Walsh
Údar
Is í Maeve O Neill a scríobh an blag seo, arb í an gairmí digitithe do chartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe í.
Tuilleadh eolais
Catalóg chartlann Chonradh na Gaeilge
Is féidir miondealú níos mionsonraithe den tsraith cartlainne a fháil ar an leathanach gréasáin seo a leanas ar cuid den taispeántasdigiteach ar líne é.
Is féidir teacht ar bhlaganna a bhaineann leis an obair a rinne an cartlannaí Niamh Ní Charra chun an chartlann seo á phróiseáil anseo:
Blag 1 Cartlann Chonradh na Gaeilge - Chéad Chéim
Blag 2 Cartlann Chonradh na Gaeilge - An Chartlann a Mheas
Blag 3 Cartlann Chonradh na Gaeilge - Céim 2
Blag 4 Cartlann Chonradh na Gaeilge - Taispeántas Digiteach Seolta
Blag 5 Catalógú déanta ar chartlann Chonradh na Gaeilge
Comments