Catalógú déanta ar chartlann Chonradh na Gaeilge agus í seolta ag OÉ Gaillimh

Cartlann mhór ina bhfuil breis agus 600,000 leathanach ar fáil do lucht taighde

Tá catalógú déanta ag OÉ Gaillimh ar chartlann Chonradh na Gaeilge, an eagraíocht Ghaeilge is sine in Éirinn, agus tá an chartlann sin seolta ag an Ollscoil.  Déantar cíoradh sna cáipéisí ar chorradh agus céad bliain d’imeachtaí, d’fheachtais agus d’éachtaí an Chonartha agus tugtar léargas eisiach iontu ar chúrsaí teanga, cultúir, sóisialta agus polaitíochta a bhaineann le stair na hÉireann.

In 2018, de thoradh cainteanna a thionscain an Dr John Walsh agus a lean ar aghaidh faoina stiúir, cuireadh an chartlann faoi choimeád i Leabharlann na hOllscoile.   Bhí níos mó ná 600 bosca ábhair ann agus níos mó ná 600,000 leathanach. Tá sé ar cheann de na bailiúcháin is mó dár taisceadh in OÉ Gaillimh riamh.

Tá catalógú déanta anois air ag an gcartlannaí Niamh Ní Charra. Tugann Cartlann Chonradh na Gaeilge deis don phobal fáil a bheith acu ar na príomhfhoinsí a bhain le forbairt polasaithe i leith na Gaeilge.

Tá gach tréimhse deich mbliana ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 go dtí go ndearnadh an bailiúchan a thaisceadh in OÉ Gaillimh in 2018 san áireamh sa chartlann. Bhí Conradh na Gaeilge ag plé leis an nGaeilge a chur chun cinn agus le breathnóireacht a dhéanamh agus taifead a choinneáil ar úsáid na Gaeilge i ngach gné den saol ó lá go lá. Seo samplaí de chuid de na míreanna is spéisiúla sa chartlann:

  • Foclóir pearsanta lámhscríofa ó dheireadh an 18ú hAois, a bronnadh ar an dlíodóir, bailitheoir leabhar, agus fear a raibh spéis aige sa Ghaeilge, Ernest Reginald McClintock Dix in 1909 agus a tugadh do leabharlann Chonradh na Gaeilge ina dhiaidh sin
  • Póstaeir ó chraobhchomórtais chlubanna CLG ag deireadh na 1950idí
  • Samplaí de phacáistiú ilteangach, paicéad cnónna Aer Lingus ina measc
  • Preasráiteas ag éileamh go gcuirfí deireadh le pionós an bháis in Éirinn, 1976

Tá ábhar sa chartlann a bhaineann le ceol, spórt, drámaíocht, reiligiún, polaitíocht agus imeachtaí ar nós fheachtas bliantúil Sheachtain na Gaeilge agus comórtais Oireachtais a mbeidh comóradh 120 bliain agus 125 bliain a mbunaithe faoi seach ann i mbliana.

Tá fáil ag lucht taighde ar an gcartlann i Seomra Léitheoireachta nagCartlann agusna mBailiúchán Speisialta i Leabharlann OÉ Gaillimh.

Is féidir seoladh na cartlainne a fheiceáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=Yr-3NuuuU4s


Tá bailiúchán fairsing, beagnach 400 cartlann ar fad, ag OÉ Gaillimh, faoi chúram na Leabharlainne. Ar na réimsí is mó a bhfuil ábhar a bhaineann leo sa bhailiúchán tá an drámaíocht, scannáin agus na taibhealaíona, an litríocht, an stair agus an pholaitíocht, agus tá béim ar leith ar ábhar i nGaeilge.  I measc na mbailiúchán is cáiliúla tá cartlann Chonradh na Gaeilge agus cartlann Mary Robinson; páipéir liteartha John McGahern agus Thomas Kilroy; cartlanna compántas amharclannaíochta éagsúil, lena n-áirítear Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata agus Amharclann an Druid; Bailiúchán Tim Robinson ina bhfuil eolas mion faoi thíreolaíocht agus topagrafaíocht Chonamara; agus cartlanna ó eastáit mhóra talún i gCúige Chonnacht agus roinnt páipéar a bhaineann leis na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Cuirtear an-bhéim ar chartlanna a fhoilsiú ar líne mar chuid de chlár digitithe leanúnach.

Is féidir le taighdeoirí brabhsáil tríd an mbailiúchán sula dtagann siad chuig an Leabharlann lena scrúdú via https://exhibitions.library.nuigalway.ie/s/cnag/page/home



Leagan Béarla



 

 

Comments