Proinsias Mac Aonghusa agus a chuid oibre san Afraic
Proinsias Mac Aonghusa agus a chuid oibre san Afraic Tá catalógú á dhéanamh ar bhailiúchán leabhar Mhic Aonghusa agus tá breis agus 1500 leabhar ar fáil anois i gcatalóg na leabharlainne. Chomh maith le béim láidir ar stair, teanga, litríocht, cultúr agus polaitíocht na hÉireann san fhichiú haois, léiríonn an cnuasach suim agus saothar Mhic Aonghusa maidir le saoirsí sibhialta agus cearta an duine in Éirinn agus i dtíortha ar fud an domhain. Ar cheann de na tíortha atá luaite tá an Namaib san Afraic Thiar Theas. Ar an 18 Nollaig 1973, ceapadh Seán MacBride mar chéad choimisinéir lánaimseartha sa Namaib ag céim an ard-rúnaí chúnta. D'oibrigh sé chun tacaíocht idirnáisiúnta a bhaint amach do neamhspleáchas na Namaibe go dtí 1977. Dé Luain, an 11 Márta 1974, bhí Mac Aonghusa ag ithe lóin le Seán MacBride i dTeach Roebuck i mBaile Átha Cliath. Is ansin a d'iarr MacBride air glacadh leis an bpost mar ionadaí speisialta agus comhairleoir n...