Catalóg na Leabharlainne ar fáil anois i nGaeilge


Is mór ag Leabharlann OÉ Gaillimh a fhógairt go bhfuil ár gcatalóg ar fáil anois ar líne i nGaeilge. Is féidir teacht ar an gcatalóg Ghaeilge anois ar library.nuigalway.ie/anleabharlann.  Faoi láthair is é seo an t-aon chatalóg Ghaeilge ar líne atá ar fáil in institiúid tríú leibhéal ar fud an domhain. Is léiriú é an tionscadal ar thiomantas na Leabharlainne do OÉ Gaillimh mar ollscoil dhátheangach a bhfuil ról sonrach aici i neartú na Gaeilge mar chuid thábhachtach de náisiún, cultúr, agus sochaí na hÉireann.


Íomhá de chatalóg Ghaeilge na Leabharlainne


Is toradh é catalóg Ghaeilge Leabharlann OÉ Gaillimh ar chomhpháirtíocht idir an Leabharlann, díoltóir ár gcóras cuardaigh ExLibris, agus an tSeirbhís Aistriúcháin in OÉ Gaillimh. Cuireadh an comhéadan nua ar an gcatalóg Ghaeilge ar fáil agus forbraíodh leathanach baile Gaeilge do láithreán gréasáin na Leabharlainne chomh maith. Dá thoradh seo is féidir tabhairt faoi chuardach leabharlainne comhtháite agus iontaofa i nGaeilge.

Cé go ndearnamar ár ndícheall eispéireas Gaeilge chomh hiomlán agus is féidir a chur ar fáil, aithnímid go bhfuil gnéithe fós anseo agus ansiúd a fágadh ar lár nó atá fós i mBéarla amháin. Má thagann tú ar bhearnaí den chineál sin, cuirimid fáilte roimh aiseolas. Bí i dteagmháil linn ar library@nuigalway.ie. 

Tá fáilte roimh chomhaltaí foirne agus roimh mhic léinn OÉ Gaillimh féachaint ar an bhfíseán seo a leanas le fáil amach conas rochtain a fháil ar an gcatalóg Ghaeilge agus sibh ag síniú isteach in bhur gcuntas Leabharlainne.






Comments